Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Oilithreach Pinn
Oilithreach Pinn
ISBN: 978-1-907494-77-2
Clúdach: Bog

Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km.

Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreacht pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an dtír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi agus a ndúirt an mórfhile Spáinneach Juan Ramón Jiménez ina taobh: ‘Trí chéile, is tír í an Spáinn atá fréamhaithe go domhain sa réadúlacht, tír bhréag-reiligiúnda í, tír Chaitliceach seachas Chríostaí, eaglasta seachas spioradálta, tír phréamhacha agus chos seachas sciatháin … ar an gcúis sin is dánta misteacha iad na liricí Spáinneacha is fearr: tugann siad faoin spéir, faoin eitilt.’ Coimeádann an t-údar a dhá chos ar an dtalamh, ach ó am go ham eitlíonn sé ar an gcuma Spáinneach.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir