Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€5.50
Líon:
Ainmneacha Dílise an Nua-Thiomna
Ainmneacha Dílise an Nua-Thiomna
ISBN: 9781857917109
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Is bailiúchán é seo den 638 ainm dílis, idir ainmneacha daoine agus logainmneacha agus na haidiachtaí a ghabhann leo, a luaitear sa Nua-Thiomna. Cíoradh na haistriúcháin Ghaeilge den Nua-Thiomna atá ar fáil agus bailíodh na leaganacha éagsúla. Rinneadh comhordú ansin sa chás go raibh litriú difriúil le fáil i bhfoinsí éagsúla. Mar chuidiú d’úsáideoirí, tugtar na leaganacha molta sa chéad dá rannóg den fhoclóir (Béarla-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla) agus sa tríú rannóg (Gaeilge-Gaeilge) tugtar na leaganacha malartacha a fuarthas mar aon le crostagairtí do na leaganacha molta. Tugtar eolas cuimsitheach gramadaí faoi gach ainm dílis. Beidh an cnuasach seo ina áis úsáideach do mhúinteoirí agus do dhaltaí i scoileanna ina múintear an reiligiún trí Ghaeilge, agus do dhaoine eile i mbun staidéir nó taighde nó scríbhneoireachta ar chúrsaí reiligiúin trí mheán na Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir