€6.50
Líon:
Aistear Tríd an Inchinn
Aistear Tríd an Inchinn
Leabhar dathúcháin
ISBN: 9781857911855
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Fáilte romhat go domhan diamhair draíochtúil na hinchinne!

Is í an inchinn an ball beatha is mó tábhacht agus, b’fhéidir, is lú a bhfuil tuiscint againn air! Ach conas a oibríonn sí? Is chuige sin an leabhar dathúcháin seo a bhfuil íomhánna, mapa inchinne agus cartúin ann agus cur síos gonta spéisiúil ag gabháil leo uile. Tabharfaidh an t-ábhar seo léargas do dhaltaí meánscoile agus don duine fásta araon ar conas mar a oibríonn an inchinn agus an ról lárnach atá aige, i bpáirt leis an néarchóras, i stiúradh an choirp ó bhaithis go bonn. Bí ag dathú is ag foghlaim leat, agus go n-éirí an t-aistear leat!

Tá leabhair dhathúcháin go mór i dtreis na laethanta seo mar gheall ar an leas is féidir a bhaint astu maidir le forbairt an aireachais agus na folláine i ndaoine, idir óg agus aosta. Ní taise don saothar tarraingteach seo é. Aistriúchán Gaeilge ar Journey through the Brain a chéadfhoilsigh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir