Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€15.00
Líon:
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol. Tiomsaithe faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cúig cinn déag de na gearrscéalta is fearr uaidh.

Ó scéalta tuaithe Chonamara mar atá léirithe in An Braon Broghach agus Cois Caoláire go scéalta cathrach An tSraith ar Lár agus An tSraith dhá Tógáil, éiríonn leis an gCadhnach an daonnacht choiteann is dlúth agus d’inneach dá charachtair uile a chur i leith go teann, fórsúil, liriciúil, ealaíonta.

Agus má tá dua féin ag baint le cuid de na scéalta seo a léamh, téann siad chun tairbhe do dhuine ar bith a thabharfaidh fúthu. Mar a dúradh san úrscéal is cáiliúla dá chuid, Cré na Cille: ‘Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .’ Is fiú éisteacht leis go fóill.