Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€20.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Leanaí Óga
Bosca Bronntanas: Leanaí Óga
Clúdach: Bog

An bhfuil tú ag iarraidh bronntanas den scoth a cheannach do na leanaí i do shaol? Is féidir stop a chur leis an gcuardach láithreach! Tá na ciseáin seo lán de leabhair agus bréagáin iontacha atá deartha chun cabhrú le leanaí agus chun dáimh leis an nGaeilge a mhúscailt iontu sna blianta luatha dá saol.

Cuireadh an bosca seo le chéile do leanaí 0-3 bliana d’aois agus tá sé oiriúnach do leanaí atá ag fás aníos i dteaghlach ina labhraítear an Ghaeilge go laethúil agus dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu sa bhaile araon. Tá an beart seo lán de leabhair áille a bhfuil léaráidí geala iontu agus puzail idirgníomhacha a chuideoidh le leanaí óga an teanga a shealbhú agus a chuideoidh lena bhforbairt chognaíoch.

Seo thíos na táirgí a gheobhaidh tú i do bhosca bronntanas do leanaí 0-3 bliana d’aois:

1. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
Athinsint álainn ar an seanscéal iomráiteach, “Goldilocks and the Three Bears” atá sa leabhar seo le hÁine Ní Ghlinn.

2. Babaí Beag: Ainmhithe
Is leabhar ildaite faoi chlúdach crua é seo do leanaí óga ina ndírítear ar na hainmhithe. Baintear úsáid as codarsnacht dathanna chun dul i bhfeidhm ar leanaí óga agus chun a gcéadfaí a spreagadh. Cabhraíonn spreagadh físiúil sa luathshaol le forbairt an linbh. Bainfidh gach leanbh óg spraoi as an leabhar seo.

3. An Garbhán (Julia Donaldson)
Is eagrán Gaeilge de ‘The Gruffalo’ é seo ina leantar luch agus é ag tabhairt troll tríd an gcoill dhomhain dhorcha. Cé leis a mbuailfidh sé ar an mbealach? Bí leis ar a thuras chun sin a fháil amach.