Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€50.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Páistí
Bosca Bronntanas: Páistí
Clúdach: Bog

Cé a déarfadh nach féidir sult a bhaint as foghlaim na Gaeilge? Tabhair bronntanas a mhairfidh go deo na ndeor an Nollaig seo leis an mbosca seo a cuireadh le chéile go speisialta chun cabhrú le páistí a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt ar bhealach idirghníomhach taitneamhach.

Féach ar na rudaí a gheobhaidh tú i do bheart bronntanas do pháistí:

1. Junior Scrabble as Gaeilge
Bainfidh an teaghlach ar fad taitneamh as an leagan Gaeilge den chluiche cláir clasaiceach seo. Is bealach iontach é an cluiche seo d’imreoirí de gach aois taitneamh a bhaint as an teanga. Is breá le páistí níos óige na cluichí ‘Focail agus Pictiúir’. Beidh páistí níos sine nó iad siúd a bhfuil taithí níos mó acu ar an teanga in ann a gcuid scileanna a thaispeáint leis an gcluiche ‘Dathanna agus Comhaireamh’ ar chúl an chláir.

2. Foclóiropedia
Agus seoid nua le haimsiú ar gach leathanach, tugann an leabhar bríomhar seo bealach úrnua do léitheoirí de gach aois chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

3. Cad a Chuirfeadh Sceon ar Leon?
Leabhar do pháistí idir 5 agus 10 mbliana é “Cad a Chuirfeadh Sceon ar Leon?”, a thugann freagraí greannmhara ar an gceist chéanna! Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa ag gach duine sa teaghlach – tá aistriúchán Béarla ar fáil ag cúl an leabhair!