€50.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Déagóirí
Bosca Bronntanas: Déagóirí
Clúdach: Bog

Tá neart spraoi le baint as foghlaim na Gaeilge leis an mbosca bronntanas nuadheartha seo, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa idir 12-18 mbliana d’aois. Sa bheart seo, tá eagráin Ghaeilge de chuid de na leabhair agus de na cluichí is fearr linn.

Seo thíos na táirgí a gheobhaidh tú sa bheart bronntanas seo do dhéagóirí:

1. Cluedo as Gaeilge
Ní Nollaig cheart í gan cluiche cláir a imirt le do mhuintir agus le do chairde. Agus i mbliana tá rudaí ag éirí níos mistéirí fós le leagan Gaeilge den chluiche mór le rá ‘Cluedo’ - Dúnmharú san Óstán.

Tá Úna Bean Uí Dhuinn marbh, feall déanta uirthi ina hóstán féin, ach cé a rinne an gníomh, cá bhfuair sí bás agus conas a maraíodh í?

Sin dúshlán an chluiche seo agus is tusa an bleachtaire atá chun an cás a réiteach. Tá seisear amhrastach, sé sheomra agus sé arm bheaga. Ar do thuras timpeall na seomraí bailigh eolas ó na himreoirí eile, agus déan iarracht an t-eolas a úsáid go cúramach chun an ciontóir a aimsiú.

2. Dialann Dúradáin
Níl sé éasca a bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Heffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos dána ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú!

Ceapann Mama gur cheart do Greg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi. Mar a deir sé féin: “Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid ‘mothúchán’ anseo.”

Ach ní mar sin a tharlaíonn sé agus nach orainne atá an t-ádh nach ea!

3.Dialann Emily Porter: An Jailtacht
An bhfuil sé i gceist ag aon duine dul go Coláiste Gaeltachta an samhradh seo chugainn? Lean eachtraí Emily Porter agus í ag scríobh ina dialann sa Ghaeltacht – nó Jailtacht, mar a thugann Emily air!