€100.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Meánscileanna Teanga
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Meánscileanna Teanga
Clúdach: Bog

Tabhair bronntanas Gaelach an Nollaig seo lenár mbosca bronntanas a cuireadh le chéile go speisialta d’fhoghlaimeoirí fásta a bhfuil meánscileanna Gaeilge acu. Tá réimse leabhar móréilimh chomh maith le síntiús bliana do chúrsaí ríomhfhoghlama Ghaelchultúir ar Ranganna.com sa bheart seo - is bronntanas den scoth é don Ghaeilgeoir i do shaol!

Tá luach €179 ar tháirgí an bhosca bronntanas seo ach tá lascaine ollmhór á thabhairt againn do chustaiméirí Siopa.ie agus is féidir é a cheannach ar €100 le linn shéasúr na Nollag.

Féach ar an méid is féidir leat a thabhairt (nó a fháil duit féin!) lenár mbeart seo do dhaoine fásta a bhfuil meánscileanna Gaeilge acu:

1. Rochtain 12 mhí ar Gaeilge gan Stró! – Intermediate Level
Is cúrsa teanga ilmheán do dhaoine fásta é Gaeilge gan Stró! – Intermediate Level atá ar fáil ar ardán ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, Ranganna.com. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar scileanna cainte agus éisteachta a fhorbairt ach tugtar deiseanna do mhic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.

Is é Ranganna.com an áit is fearr le Gaeilge a fhoghlaim ar líne. Tá sé lán de chleachtaí idirghníomhacha spraíúla. Nuair a chuireann tú cleachtadh i gcrích faigheann tú aiseolas láithreach, tugtar scór duit agus tugtar na freagraí cearta duit. Is féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim ar do luas féin agus ó áit ar bith ar domhan.

2. Mise do Mhamó (Majella Ní Dhomhnaill)
Is uaigneach an saol atá ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach?

Scéal é seo a léiríonn an choimhlint idir an phróifíl shnasta ar Facebook agus an fhírinne lom. Bíonn na carachtair uile ag streachailt lena gcuid fadhbanna féin – idir andúil, aonrú sóisialta agus foréigean baile – agus baineann an t-údar leas as guthanna difriúla chun dearcadh thrí ghlúin den teaghlach seo a chur in iúl. Insítear an scéal i nGaeilge shimplí agus tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte ag bun gach leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.

3. Tromluí (Áine Ní Ghlinn)
Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b’fhéidir? Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Gan aige ach brionglóidí aisteacha agus iardhearcaí scanrúla, tá sé ag iarraidh míreanna mearaí a shaoil a chur le chéile arís. Gan de chúnamh aige ach Sinéad - cailín nach bhfuil aon chuimhne aige uirthi ach a deir go bhfuil sí in aon rang leis ar scoil. Tá a fhios ag Sinéad cé hé ach maidir leis na ceisteanna eile níl na freagraí aici siúd ach oiread leis féin.

4. An Leathanach Bán (Pénélope Bagieu)
“Beidh ‘chuile shórt go breá ... tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. ‘Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.” Ar bhinse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá an chuimhne caillte aici. Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta.