Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€100.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Tuismitheoirí
Bosca Bronntanas: Tuismitheoirí
Clúdach: Bog

An bhfuil cara nó ball teaghlaigh agat ar spéis leo úsáid na Gaeilge a chothú ina dteach féin agus lena gcuid leanaí? Is iontach an bronntanas é an beart álainn seo do thuismitheoir ar bith atá ag iarraidh dáimh leis an nGaeilge a spreagadh ina gcuid páistí.

Tá meascán breá ábhar do thuismitheoirí sa bheart seo: acmhainn atá dírithe orthu siúd ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí, síntiús bliana do chlár ríomhfhoghlama Gaeilge dá rogha féin, agus leagan Gaeilge d’úrscéal taitneamhach Roald Dahl Charlie and the Chocolate Factory.

Tá luach €176 ar tháirgí an bhosca bronntanas seo ach tá lascaine ollmhór á thabhairt againn do chustaiméirí Siopa.ie agus is féidir é a cheannach ar €100 le linn shéasúr na Nollag.

Seo thíos na táirgí atá sa bhosca seo do thuismitheoirí:

1. Rochtain 12 mhí ar chlár ríomhfhoghlama ranganna.com
Is é Ranganna.com an áit is fearr le Gaeilge a fhoghlaim ar líne. Cuireann sé réimse leathan clár ar fáil ionas gur féidir le foghlaimeoirí de gach cumas a gcuid Gaeilge a fheabhsú ar líne. Tá sé lán de chleachtaí idirghníomhacha spraíúla. Nuair a chuireann tú cleachtadh i gcrích faigheann tú aiseolas láithreach, tugtar scór duit agus tugtar na freagraí cearta duit. Ligtear d’úsáideoirí a gcuid scileanna teanga a fheabhsú go neamhspleách agus ar a luas féin ar an ardán seo.

Tá Ranganna.com ar fáil 24/7 agus is féidir le húsáideoirí logáil isteach agus foghlaim ó áit ar bith ar domhan, rud a fhágann go bhfuil sé mar áis luachmhar do thuismitheoirí gnóthacha! Tá cúrsa ag Ranganna.com d’fhoghlaimeoirí a bhfuil bunscileanna, meánscileanna agus ardscileanna Gaeilge acu - mar sin is cinnte go bhfuil cúrsa againn d’úsáideoirí ag gach leibhéal cumais.

2. What’s That as Gaeilge?
Frásleabhar Béarla-Gaeilge is ea What’s That as Gaeilge? le Garry Bannister, a chuideoidh le foghlaimeoirí nathanna cainte coitianta ón Bhéarla a chur in iúl as Gaeilge!

3. Charlie agus Monarcha na Seacláide
Is féidir le páistí taitneamh a bhaint as na scéalta is fearr leo ach iad a bheith i nGaeilge freisin! Is aistriúchán iontach é Charlie agus Monarcha na Seacláide ar Charlie and the Chocolate Factory le Roald Dahl. Seo é scéal Charlie Buicéid, na gcúig thicéad órga, agus na nÚmpa-Lumpach, agus scéal Willy Wonka féin, scéal atá buanaithe in intinn na n-óg ó chéadfhoilsíodh é in 1964!