Tá Roy ag siúl amach le Sarah. Seo Béal Feirste i lár na dtrioblóidí agus is Protastúnach é Roy, Caitliceach í Sarah. Cruthóidh an caidreamh seo teannas idir theaghlaigh na lánúine, ach níl ansin ach tús an scéil . . .
Scrúdaíonn an t-úrscéal cumasach seo poll duibheagáin na míthuisceana idir an dá thaobh ó thuaidh. Tugtar léargas freisin ar ról na bhfórsaí slándála sna trioblóidí.