Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Óró
Óró
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado.

Ollphéisteanna agus Nithe Nach Iad! Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir.

Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois.

“Ní ag plé le foghlaithe mara ar leathchois atáimid, ná sluaite canablach fiú amháin. Is neacha céad uair níos aistí ná sin a chastar ar mhairnéalaigh an San Cristóbal. Is túisce a chuimhneofá ar an fhicsean eolaíochta agus ar eachtraí spástaistil seachas ar Oileán an Órchiste … nuair a ligeann Titley scód lena shamhlaíocht, féadann tú a bheith ag súil le spórt’ — Antain Mac Lochlainn, Tuairisc.ie