€10.00
Líon:
An tSraith ar Lár
An tSraith ar Lár
ISBN: 978-0-86289-050-6
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Sa bhliain 1967, ceithre bliana déag tar éis do Mháirtín Ó Cadhain Cois Caoláire a chur i gcló, a foilsíodh an cnuasach gearrscéalta An tSraith ar Lár. Bhí na ceithre bliana déag sin caite ag an údar le hagóidíocht, feachtasaíocht agus cúiseanna éagsúla. Ach ba le linn na tréimhse céanna seo a rinne sé scríbhneoir nua-aoiseach de féin.

Sa leabhar seo a fhaightear an Cadhnach agus é tagtha in inmhe mar scríbhneoir: uaidh seo amach dhíreodh sé ar an gcathair agus ar mhuintir na cathrach seachas ar an tuath agus ar an nGaeltacht. Agus is iad na fir seachas na mná is mó is cás leis feasta.

Bhuaigh an leabhar seo duais an Fhorais Cultúir Gael-Mheiriceánach i mbliain a fhoilsithe.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir