Is rud í an fhilíocht a thagann anuas ó ghlúin go glúin agus nach féidir a fhoghlaim, deirtear, agus gan amhras ba é a fhearacht sin é ag Pádhraic Learaí Ó Fínneadha, a raibh féith na filíochta go smior ann. Tá go leor de na hamhráin sa chnuasach seo beo fós i mbéal na ndaoine, rud a chruthaíonn gur den fhilíocht fhiúntach iad. Chloígh Pádhraic Learaí leis an seannós cumadóireachta a bhí in Éirinn nuair a bhí sí ina Gaeltacht, é ina thráchtaire ar shaol na ndaoine nuair nach raibh Raidió na Gaeltachta ann.