B’as Rann na Feirste i dTír Chonaill ó dhúchas do Chondaí Mhicí Hiúdaí Ó Domhnaill. Chaith sé blianta fada ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí baint mhór aige le hOireachtas Náisiúnta na Gaeilge ó bhí sé ina fhear óg. Bhí cáil air mar scothamhránaí, agus seo cnuasach d’amhráin a chum sé i gcuimhne ar dhaoine, ar ócáidí nó faoi ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeltachta, chomh maith lena chuimhní cinn faoi stair na nGaeltachtaí ar chaith sé seal iontu.
D’éag Conall ar an 8 Meitheamh 2003.