Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€16.00
Líon:
Caointe agus Seancheolta Eile – Keening and Other Old Irish Musics
Caointe agus Seancheolta Eile – Keening and Other Old Irish Musics
le Dlúthdhiosca
ISBN: 1-902420-97-7
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Sa saothar seo baineann Breandán Ó Madagáin feidhm as na réimsí éagsúla saineolais aige le traidisiúin cheoil na tíre seo a phlé. San áireamh sa dioscúrsa seo tá caointe, amhráin oibre, amhráin mhacarónacha, amhráin bheannaithe, marbhnaí agus amhráin pholaitiúla. Go heisceachtúil, sa saothar seo, cíortar an ceol a bhain leis na hamhráin seo, chomh maith leis an téacs, agus tá samplaí de le cloisteáil ar an dlúthdhiosca atá istigh leis an leabhar.

Pléitear an comhthéacs sóisialta ina gcloistí na seancheolta seo, agus san áireamh sa saothar tá traidisiúin na ngnáthdhaoine, chomh maith le traidisiúin na mbard agus an lucht léinn. Tugtar na focail sa leabhar de shamplaí de na hamhráin seo, ina measc, máthair ag caoineadh a hiníne atá ag dul ar imirce go Meiriceá, sleachta as Caoineadh Art Uí Laoghaire, agus marbhnaí ar laochra stairiúla.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir