Bunleabhar é seo atá dírithe ar dhaltaí bunscoile atá ag tosú ar an veidhlín a sheinm. Cuirtear mír theicniúil i láthair ann agus ansin cleachtaítear an mhír i ndíséad leis an gceacht a dhaingniú. Déantar míreanna a léiriú agus a chleachtadh go simplí soiléir nádúrtha ann le hamhráin agus le rabhcáin thraidisiúnta agus le rainn thraidisiúnta a bhfuil ceol oiriúnach curtha leo. Áis chuidiúil shultmhar. Léaráidí taitneamhacha samhlaíocha le Cathy Dineen.