Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Gúrú i gClúidíní
Gúrú i gClúidíní
ISBN: 978-1-905560-12-7
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Imleabhar spreagúil smaointeach ó Ghúrú na gCnoc, mar a dtéann an file i ngleic le hiontais an tsaoil dhaonna agus neamhdhaonna agus mar a dtugann sé ruathar ealaíne trí chríocha imigéiniúla na freacnairce. Tig libh siúl lena thaobh ar aistear fánach seo na fionnachtana fantaisíochta, ar thuras diamhair laethúil a thabharfaidh isteach Kathmandu agus Gort an Choirce agus gach dá bhfuil idir eatarthu. Tá a shainstíl le sonrú go smior síos tríd, mar a bhfuil tionchar Neipeal ar a shaothar, leis.

Braitheann Ó Searcaigh gur thug sé leis an chuid is fearr óna shaothair eile sa chnuasach seo agus téamaí móra na teanga, na háite agus an dúchais chun cinn ann, ach go bhfuil forbairt déanta aige chomh maith ar an réimse mothúchán atá san áireamh sna dánta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir