Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€14.00
Líon:
Ag Greadadh Bás sa Reilig
Ag Greadadh Bás sa Reilig
Clapping in the Cemetery
ISBN: 1-902420-94-2
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Taispeánann [de Paor] an cineál buaice is féidir a bhaint amach nuair a thugtar le chéile samhlaíocht chumasach, chothaithe, tuiscint dhomhain ar acmhainní na Gaeilge, agus comhbhá leis an traidisiún.” – Máire Ní Annracháin, An tOireachtas

Roghnaíodh na dánta seo as ceithre chnuasach Gaeilge: Próca Solais is Luatha (1988), 30 Dán (1992), Seo. Siúd. Agus Uile (1996), agus Corcach agus Dánta Eile (1999), atá anois as cló. Fáilteofar roimh an mbailiúchán téagartha seo de 59 dán, go háirithe ina measc siúd nach raibh deis acu blaiseadh de shaothar de Paor go dtí seo, cheal Gaeilge. Is í seo an chéad uair gur foilsíodh na haistriúcháin sa tír seo.

“Dóibh siúd nár léigh saothar de Paor roimhe seo, is féidir leo a bheith ag tnúth go mór le Ag Greadadh Bas sa Reilig – Clapping in the Cemetery. Dóibh siúd gur léigh, is féidir leo a bheith ag dúil le hathchuairt a thabhairt air. de Paor is a master of the elegy, the cold-eyed, warm-hearted poem that catches you up when you least expect it.” – Robert Verdon, Muse

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir