Le dlúthdhiosca.
Duais Michael Hartnett 2002.
Duais Rupert & Eithne Strong 2003.
Filíocht ó fhile Béal Feirsteach, Gearóid Mac Lochlainn. Téama mór ina chuid filíochta is ea na Trioblóidí agus an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm air agus é ina chónaí in Iarthar Bhéal Feirste, ach tagann téamaí eile chun tosaigh fosta, mar shampla an cairdeas agus an ceol. Tá dlúthdhiosca leis seo ar a léann an file cuid de dhánta an leabhair le tionlacan.