Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Faoi Dheireadh Thiar
Faoi Dheireadh Thiar
ISBN: 978-1-905560-26-4
Bliain foilsithe: 2008
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Oíche Nollag in áras na seandaoine. A scéal féin ag chuile dhuine atá ann: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, nach bhfuil ag teacht; Coilmín an Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d’ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll aici, cé gur ina cloigeannsa amháin atá sé; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an mátrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosaí amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di. Faoi dheireadh thiar, tá dráma eile againn ó pheann dhrámadóir mór ár linne, a bhfuil an greann agus an ghruaim, an chumhacht agus an paisean ina orlaí thríd.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir