Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€35.00
Líon:
Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche
Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche
le Dlúthdhiosca
ISBN: 978-1-905560-20-2
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“If this world goes on for another ten thousand years, there won’t be a singer like Joe Heaney. Of that I’m quite convinced.” – Gabe Sullivan

Beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí, nó Joe Éinniú, an t-amhránaí sean-nóis is mó le rá san fhichiú haois. Sa leabhar seo faighimid léargas ar an saol a chaith Seosamh agus mar a chaith an saol sin leis. Baineann Liam Mac Con Iomaire leas as agallaimh a rinne sé le go leor de chairde agus de lucht aitheantais Sheosaimh le cur leis an insint; orthu sin tá Peggy Seeger, Ronnie Drew, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Tomás Mac Eoin, Michael Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin, Liam Clancy, Tom Munnelly, John Faulkner, Joe Burke, Mick Moloney, Michael Davitt, Gabe Sullivan, Tony MacMahon agus Paddy Glackin. Tá cur síos ann ar óige Sheosaimh, ar an tréimhse a chaith sé i Sasana sna caogaidí, áit a mbíodh sé ag casadh sna folk clubs, ar na hOícheanta Seanchais sa Damer, ar rabharta mór na mbailéad i mBaile Átha Cliath sna seascaidí nuair a bhíodh Seosamh go seasta Tigh Donoghue, agus ar a sheal i Meiriceá, áit a ndeachaigh sé ag teagasc i dhá ollscoil agus áit ar bronnadh an National Heritage Award for Excellence in Folk Arts air, an gradam is airde i Meiriceá d’ealaíontóir tíre. Cailleadh i Seattle i 1984 é. Leis an leabhar tá dlúthdhiosca iomlán nua d’amhráin nár eisíodh riamh cheana. Is ó bhailiúchán Phroinsias Mhic Aonghusa, atá anois i seilbh RTÉ, a bhformhór.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir