Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€45.00
Líon:
‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942–1946
‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942–1946
ISBN: 978 1 905560 07 3
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2007 Is éard atá sa leabhar seo dialann taistil Shéamuis Ennis ón tréimhse a chaith sé ag bailiú amhrán agus ceoil i gContaetha na Gaillimhe, an Chláir, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Luimnigh agus an Chabháin do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Tá léargas ríspéisiúil air féin agus ar a chuid oibre le fáil sa leabhar seo, atá curtha in eagar ag Ríonach uí Ógáin.

Rugadh Séamus Ennis i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, agus ceapadh é ina bhailitheoir le Coimisiún Béaloideasa Éireann nuair a bhí sé trí bliana is fiche d’aois. Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos.

Tá an dialann a choinnigh sé agus é ag obair leis an gCoimisiún anois i seilbh an Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá tuairisc le fáil ann ar an saol in Éirinn le linn an dara Cogadh Domhanda. Mar is dual do dhialann, déantar tagairt ann do ghnéithe éagsúla den saol ag an am sin: traidisiún an cheoil, na daoine agus na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu, an saol a bhí acu, an teanga, agus tá tuiscint le fáil ann chomh maith ar Ennis féin, fear a bhfuil ardmheas air i gcónaí. Tá tábhacht thar cuimse leis an obair a rinne sé agus tá a thionchar le brath go fóill sa traidisiún ceoil atá faoi bhláth sa tír seo. Murach an obair bhailiúcháin a rinne Ennis is cinnte go mbeadh cuid mhaith de na hamhráin agus de na foinn atá le cloisteáil go fairsing anois caillte go deo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir