Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€25.00
Líon:
Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain
Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain
Eagraithe ag Micheál Mac Craith agus Pádraig Ó Héalaí
ISBN: 978-1-905560-44-8
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Cnuasach aistí ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht na Gaeilge bailithe le chéile i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain, iar-léachtóir i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí Máirtín Ó Briain ina léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó 1979 go dtí gur bhásaigh sé sa bhliain 2004. Mar chomhartha measa air féin agus mar aitheantas ar an gcomaoin a chuirsé ar shaíocht agus ar léann na Gaeilge, bheartaigh Roinn na Gaeilge a gcomhdháil bhliantúil a thiomnú do Mháirtín sa bhliain 2005.

Tugadh cuireadh do chomhghleacaithe agus d’iarscoláirí dá chuid páipéir a chur i láthair ag an gcomhdháil sin. Is cúis mhór áthais don Roinn iad a fhoilsiú anois mar chloch ar charn Mháirtín. Tá sé aiste is fiche le fáil sa chnuasach seo a chuimsíonn gnéithe éagsúla d’oidhreacht na Gaeilge, go háirithe sna réimsí sin ab ansa le Máirtín.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir