Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€16.00
Líon:
Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí
Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí
ISBN: 1-902420-90-X
Bliain foilsithe: 1997
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999.

Tá Gearóid Denvir ar dhuine de na criticeoirí is bisiúla dá bhfuil ag saothrú sa Ghaeilge le fiche bliain anuas agus aitheantas dá réir faighte aige i gcomórtais éagsúla liteartha. Is é atá sa chnuasach seo rogha de na haistí liteartha atá scríofa aige sa tréimhse sin agus a foilsíodh in irisí éagsúla. Tá aistí ann ar údair aonair, ó Phádraic Ó Conaire go dtí Pádraig Ó Cíobháin, agus ó Sheán Ó Ríordáin go dtí filí ghlúin Innti agus file pobail Chonamara, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha. Ina theannta sin tá aistí ann ar fhilíocht bhéal beo na Gaeltachta, ar cheist na teanga féin agus ar ghné thraidisiúnta an ghutha phobail i litríocht na Gaeilge. Ainneoin réimse leathan údar agus ábhar a bheith á bplé sna haistí éagsúla tá aontacht shoiléir ag sníomh tríd an gcnuasach.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir