Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Buaic
Buaic
ISBN: 978-1-901176-66-7
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Foireann sléibhe agus foireann cheamara. Caidreamh idir athair agus mac. Easpa muiníne eatarthu ón tús. Scéal eachtrúil lonnaithe ar an sliabh is airde ar domhan. Mike ag iarraidh ceird an cheamara a léiriú dá mhac, Liam. Briseadh tógtha ag Liam chun taisteal chun na Tibéide. Cuireann sé aithne ar na Siorpaigh agus ar Rai óg atá ag obair sa Bhun-Champa. A gcuid spriocanna casta féin ag Dixon agus ag Max. Gliondar agus sceon, bás agus tarrtháil, tarlaíonn eachtraí ar learga Everest a chuireann gach rud bunoscionn.

Scéal idirnáisiúnta agus eachtraí il-leibhéil ann, ó pheann greanta Dermot Somers, máistir ar cheird an phinn agus ar ealaín na heachtraíochta daonna. Bhuaigh a shaothar Gaeilge Rince ar na Ballaí (Cois Life 2002) mórdhuais Oireachtais. Is é Buaic an chéad saothar ficsin aige i nGaeilge Fuair an t-údar tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Bhord na Leabhar Gaeilge chun an saothar seo a scríobh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir