Mac léinn ollscoile í Iryna, ón bPolainn, atá anseo in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tar éis di roinnt deacrachtaí a shárú, tagann sí ar eolas faoi mhuintir a máthar, eolas a athróidh a saol.
Insítear an scéal seo faoi shaol na hollscoile i mBaile Átha Cliath i nGaeilge simplí agus tá míniú ar fhocail agus nathanna cainte ag bun gach leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.
Bronnadh duais air i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2006.