Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Seal san Aetóip
Seal san Aetóip
Sa Tóir ar Áirc an Chonartha
ISBN: 978 1 909367 70 8
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Thug Dia na Deich nAitheanta do Mhaois ar bharr Shliabh Shíonáí agus rinne na hIosraelaigh soitheach óir chun na leaca cloiche ar a raibh dlí Dé scríofa a choinneáil slán. Tugadh go hIarúsailéim Áirc seo an Chonartha agus bhí sé i dTeampall Sholaimh ar feadh i bhfad. Ach cá ndeachaigh sí? Mar ní raibh tásc ná tuairisc uirthi nuair a scrios na Bablónaigh an Teampall sa séú céad RCh. Ná ní raibh on trácht uirthi nuair a scrios na Rómhánaigh an dara Teampall i 70 AD. Ach bhí ráflaí ann go ndeachaigh an Áirc go dtí an Aetóip…

Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir