Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€14.00
Líon:
Ár dTéarmaí Féin
Ár dTéarmaí Féin
ISBN: 9781907494406
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Rianaítear sa saothar seo stair agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge ón gcianaimsir anonn. Beidh an leabhar ina chuidiú ag mic léinn agus daoine eile i mbun staidéir ar an nGaeilge chun acmhainn agus saothrú na teanga le dul i ngleic le coincheapa nua a chur in iúl agus i gcomhthéacs. Léirítear tuismíocht na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile agus an gaol ag an nGaeilge leis na teangacha ba mhó teagmhála léi, agus an chaoi ar forbraíodh patrúin sa teanga ó thaobh ceapadh focal agus déileáil le hiasachtaí. Tugtar spléachadh ar thionchar an Bhéarla in Éirinn agus ar thorthaí an tionchair sin ar an nGaeilge. Déantar plé ar an ngníomhaíocht aidhmeannach ba bhun le forbairt nuathéarmaíochta don ré chomhaimseartha agus cuirtear na prionsabail a forbraíodh i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Dírítear ansin ar an bpraictic – saothrú na téarmaíochta ó lá go lá – agus tugtar samplaí, modhanna agus ceachtanna chuige sin.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir