Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
An Ghlanfhírinne
An Ghlanfhírinne
ISBN: 9781784441012
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

‘Teach fíodóra agus ceárta,’ a deir siad, ‘bíonn gach scéal iontu’, agus is geall le siúl isteach i gceachtar den dá láthair seanchais agus nuachta sin agus an leabhar seo a oscailt. Mar tá chuile chineál scéil ann: an nuascéal agus an seanscéal, an scéal fada agus an scéal gearr, an scéal díreach agus an scéal cam, scéal an ghamhna bhuí agus scéal na stocaí dearga agus, scaití, scéal nach scéal é ach an fhírinne. Ach más í an fhírinne shearbh í nó an fhírinne nach féidir a cheilt, an fhírinne nár thacht aon duine ariamh nó an fhírinne a thiocfas ina háit féin, déanta na fírinne is í an fhírinne ghlan í. Ach bhídís ag rá chomh maith nach call don scéalaí leanacht ródhlúth don fhírinne . . .