€20.00
Líon:
Sioc Maidine / Morning Frost
Sioc Maidine / Morning Frost
ISBN: 978-1-85132-083-7
Bliain foilsithe: 2013
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Arlen House

An domhan oibiachtúil álainn brónach mar atá sé agus nach féidir breith air atá i gcroílár haiku Jack Kerouac. Lean sé traidisiúin Buson, Shiki agus Issa agus in áit siollaí a comhaireamh d’aimsigh sé cuisle na foirme i loime agus i snoiteacht na gearr fhilíochta seo de chuid na Seapáine. Tá a chuid haiku chomh húr agus chomh briosc le sioc maidine. Is iomaí nóta a bhuaileann siad - nóta na collaíochta, na spioradáltachta, na soineantachta, na hoscailteachta agus an áthais. Tá an chuid is fearr ar fad de haiku Kerouac sa chnuasach téagartha seo Sioc Maidine / Morning Frost agus iad foilsithe den chéad uair i nGaeilge. Seanfhondúir an haiku in Éirinn, Gabriel Rosenstock, a chuir Gaeilge orthu agus d’aimsigh sé an nóta ceart tríd síos a nochtann áilleacht an bhunsaothair. Dála Kerouac féin, cuireann Rosenstock na haiku seo ag canadh dúinn.