Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€7.50
Líon:
Ceol Baile: Dánta agus Amhráin
Ceol Baile: Dánta agus Amhráin
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Coiscéim

Tá Ceol Baile lán de cheol agus de bhaile: ceol raidió, ceol cathrach, ceol cóisire, rapcheol, ceol na bhfocal, agus an ceol is na hamhráin a bhaintear as an saol. Tá sé lán de bhaile an linbh agus an tuismitheora, baile na samhlaíochta, bailte in Éirinn agus sa Spás, baile an ghrá, baile an dúnmharaithe, agus an bus abhaile. Ach níl ansin ach blaiseadh den saol atá á shealbhú anseo. Tá an-ghealladh go deo faoin scríbhneoir seo, agus cuireann sé é féin in iúl le stíl shoiléir sholéite. Tá úire, téagar agus greann ag baint le dánta is amhráin Ceol Baile. Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air cois reilige is ea Marcus Mac Conghail. Ní rothaíonn sé chun na hoibre gach lá. Tá saothar leis foilsithe agus craolta in áiteanna éagsúla, ach is é seo an chéad leabhar uaidh. Tá an-tóir ar a bhlag, agus is gairid go mbeidh albam dá chuid amhrán á thaifeadadh aige.