€19.95
Líon:
Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá
Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá
Torna a d’aistrigh go Gaeilge, Nicholas Williams a chóirigh
ISBN: 9781904808152
Bliain foilsithe: 2008
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Evertype

Timpeall a bliana 1912 a rinneadh an t-aistriúchán seo an chéad uair agus cuireadh i gcló ó sheachtain go seachtain ar an Irish Weekly Independent.

Ar Aindrias Stíobhart a chuaigh an déanamh, agus ag bailiú na gcártaí chuige dúirt sé: “De réir mhachnamh chinn, b’fhéidir an ceart a bheith agat, ach de réir an ghnímh—”
“De réir a ghnímh, leis, a Stíobhartaigh.”
“Ba mhaith liom thú a fheiceáil á dhéanamh.”
“Fút féin atá. Imeoimis in éineacht.”
“I bhfad uainn an t-olc!” arsa an Stíobhartach. “Chuirfinnse £4,000 leat an nóiméad seo, ámh, nach féidir an chuairt sin a dhéanamh sa mhéid sin aimsire.”
“Is féidir é a dhéanamh ina dhiaidh sin is uile,” arsa an Foggach.
“Déan é, mar sin!”
“Dul mórthimpeall an domhain laistigh de 80 lá?”
“Is ea.”
“Tá go maith.”
“Cathain?
“Láithreach bonn. Ach táim á rá leat gur ar do chostas-sa a dhéanfaidh mé é.”
“Díth céille, a dhuine!” arsa an Stíobhartach. Is amhlaidh a bhí fearg ag teacht air de bharr dhianáitiú a chomrádaí. “Caithimis uainn é mar scéal agus leanaimis den imirt.”
“Suaitear arís iad, más ea,” arsa Philéas Fogg. “Chuaigh mé amú sa roinnt dheireanach.”
Thóg an Stíobhartach na cártaí arís. Bhía dhá lámh ar crith. Ansin chaith sé na cártaí go hobann ar an mbord, agus dúirt: “Bíodh ina mhargadh, a Fhoggaigh. Cuirfidh mise an £4,000 leat!”

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir