“Bhi ina lamh aige bata trom, agus e ag imirt leis; ach nior fhreagair se focal, agus ba dhoigh le duine air go raibh se ag eisteacht le mifhoighne ba dheacair a chosc. Agus ansin ar iompu na boise bhris ar an bhfoighne aige le rabharta feirge, bhuail se a leathchos in aghaidh an talaimh, bheartaigh se an bata, agus d’iompair se e fein ar nos duine buile. Chuaigh an seanduine uasal coisceim ar gcul, agus cosulacht air go raibh ionadh air agus e goillte beagan. Leis sin chuaigh Mr Hyde thar na bearta ar fad, agus leag se ar talamh le buille bata e. Agus noimead ina dhiaidh sin, le fiochmhaire apa, bhi se ag satailt ar an gcorpan faoina chosa, e ag radadh stoirme builli anuas air a bhris na cnamha le torann agus a thug ar an gcorp damhsa ar an mbothar.” Sceal scafar uafar a chuirfidh alltacht agus anbha ar lucht a leite. Dearmad na leirithe eadroma de ata feicthe agat i scannain agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle siceolaioch Jekyll agus Hyde. Is i Londain Shasanna ata an t-ursceal suite mar dhea, ach ta gach uile leathanach de ar maos in atmaisfear durunda Dhun Eideann-an ait ar rugadh Robert Louis Stevenson. An fabhalsceal Freudach, fathsceal moraltachta no allagoire aerach e? Is futsa a chinneadh.