Is féidir le scoileanna agus le hinstitiúidí eile orduithe a chur isteach trí shonrasc le leabhar ar bith Gaeilge atá i gcló, leabhair scoile san áireamh, a ordú uainn tríd an suíomh seo. Ní gá íocaíocht ar líne a dhéanamh ach an oiread – cuirfear sonrasc amach leis an ordú le gur féidir íoc as le seic, le haistriú bainc nó go leictreonach. Lena chois sin, má bhíonn ordú i gceist ar fiú níos mó ná €100 é, déanfaimid é a sheachadadh saor in aisce (in Éirinn amháin).
Soláthraithe Tá acmhainní againn ón nGúm, Futa Fata, Folens, CJ Fallon, EDCO agus an tÁisaonad, chomh maith le leabhair ó fhoilsitheoirí uile na Gaeilge. Má tá acmhainn nó leabhar Gaeilge uait agus mura bhfuil sé le fáil ar ár suíomh, cuir ríomhphost chugainn ag eolas@siopa.ie agus déanfaimid gach iarracht é a fháil duit.
Treoir