Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
Ó Pheann an Phiarsaigh
Ó Pheann an Phiarsaigh
ISBN: 9781784441388
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: ‘Bríd na nAmhrán’, ‘Íosagán’ agus, ar ndóigh, ‘Eoghainín na nÉan’, a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, drámaí, gearrscéalta, filíocht. Bhí sé thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid, d’éirigh leis an scoil.

Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine, 1916.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir