Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.
Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.
Go raibh maith agat as do chustam.
Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.
Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.
Thank you for your custom.
Dún
Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha
ISBN: 9781857917758
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
An féidir míniúchán beacht a thabhairt ar an gcumas atá ionainn na rudaí a chloisimid agus a léimid a thuiscint? An féidir an cumas sin a leathnú agus a fhorbairt? Bíodh is nach mór a bheith eolach ar stór focal agus ar ghramadach teanga, ní leor an méid sin. Bíonn tuiscint ar na gnásanna sóisialta atá intuigthe sa teanga de dhíth freisin. Is cuid dhílis de na gnásanna sin na habairtí dúchasacha nó an teanga mheafarach. Féachtar sa bhailiúchán seo d’abairtí meafaracha agus samhlaoideacha as Foclóir Gaeilge- Béarla Uí Dhónaill le léargas nua ar an teanga mheafarach sin sa Ghaeilge a thabhairt don léitheoir. Faoi cheannfhocail Bhéarla atá na habairtí agus na nathanna rangaithe, i dtreo is go dtig le scríbhneoirí agus aistritheoirí araon teacht ar a bhfuil uathu go furasta.
Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir
Máirín Nic Eoin, Mícheál Briody
€24.00
Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Mac Amhlaigh
€30.00
prev
next