Tá úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil Patrick MacGill, Children of the Dead End, a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1914, ar fáil i nGaeilge anois a bhuí le Mícheál Mac Giolla Easbuic. Thug MacGill aghaidh ar Albain nuair a bhí sé 14 bliana d’aois agus chaith a óige ansin ag obair ar fheirmeacha agus ag siúl na mbóithre. Sa réamhfhocal a scríobh sé don chéad eagrán den leabhar, ba é a dúirt sé:
“Seachas casadh beag de pheann an scríbhneora anseo is ansiúd, caithfear a rá gur tháinig mé tríd na heachtraí uile atá scríofa anseo, beagnach: is é an tragóid go bhféadfadh a leithéid d’eachtraí tarlú riamh.”