Dírbheathaisnéis Sheáin Óig de Paor, an peileadóir ón gCeathrú Rua. Bhí Seán Óg ina bhaill de dhá fhoireann de chuid na Gaillimhe a thug leo Corn Sam Mhig Uidhir agus déanann sé cur síos sa leabhar seo ar an dá fheachtas rathúla ar thug na foirne sin fúthu agus ar fheachtais eile nár éirigh chomh maith céanna leo.
Déanann sé cur síos, leis, ar a chuid ama le foireann na Ceathrún Rua agus le foireann an chomórtais idirnáisiúnta. Faightear léargas sa leabhar ar an ualach oibre agus ama a bhíonn ar pheileadóirí idirchontae sa lá atá inniu ann agus tugtar le tuiscint don léitheoir freisin cé chomh tugtha don pheil is atá Seán Óg.