Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€15.00
Líon:
Stairsheanchas Mhicil Chonraí: Ón Máimín go Ráth Chairn
Stairsheanchas Mhicil Chonraí: Ón Máimín go Ráth Chairn
ISBN: 1-902420-19-5
Bliain foilsithe: 1999
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Tá sé ar bhuanna móra an leabhair seo go gcuireann muid aithne mhaith ar an scéalaí ar dhóigh nach dtarlaíonn i leabhar ar bith béaloidis atá ar m’eolas.” – Lá

Foilseachán ar leith atá i Stairsheanchas Mhicil Chonraí. Cuntas saoil ina urlabhra féin ó dhuine de ghlúin bhunaithe Ghaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí is bunús leis an leabhar seo. In éindí leis an tráchtaireacht chumasach ar an ábhar dírbheathaisnéise, sníomhtar tuairisc dhaonna ghéarchúiseach ar ghnéithe den stair shóisialta a bhaineann le Conamara agus Ráth Chairn. Tugann an tráchtaireacht aghaidh chomh maith ar an saol oibre a chaith sé, ar a thréimhse san Arm le linn an Dara Cogadh Domhanda. Eagarthóireacht thuisceanach a cuireadh i bhfeidhm ar an mbunchuntas béil ar mhaithe le canúint an reacaire a thabhairt chun solais sa téacs.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir