Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir.

Sa chás go mbeadh baol ann nach bhfaighfeá d’ordú sa phost in am don Nollaig, dhéanfaí teagmháil leat i ndiaidh duit d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh.

Go raibh maith agat as do chustam.



Siopa.ie will endeavour to process Christmas orders as quickly as possible.

If there is a risk that you won't receive your order in the post before Christmas, we will contact you after you have completed your order on the website.

Thank you for your custom.
Dún
€25.00
Líon:
Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis
Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis
ISBN: 1-902420-56-X
Bliain foilsithe: 2003
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Toghadh Máire Mhic Ghiolla Íosa ina hochtú Uachtarán na hÉireann i 1997. Sa bheathaisnéis údaraithe seo tugann Ray Mac Mánais léargas dúinn ar shaol eisceachtúil na mná cróga seo, agus an t-aistear a chuir sí di ó Ard Eoin go tairseach Áras an Uachtaráin, lena háit a ghlacadh mar an chéad Ultach sa phost. Is cinnte go mbeidh tóir ar an leabhar seo, a bhfuil sleachta as dialanna agus páipéir phearsanta Mháire, a bhaineann lena saol sula ndearnadh Uachtarán di, ann. Sa leabhar tá agallaimh leis an Uachtarán, lena muintir, lena comhghleacaithe, lena lucht aitheantais agus le baill den chléir, ina measc Fr Alex Reid, Annie Maguire agus an Mons. Denis Faul. Cuntas fíorspéisiúil a fhaighimid ann ar bhean chráifeach, spioradálta, nár lig d’aon chonstaic í a chuir dá treoir. Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis charts the fascinating journey of an inspirational woman, on her pilgrimage from Ardoyne to the Phoenix Park.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir