Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil
ISBN: 978-1-905560-17-2
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

B’as Rann na Feirste do Sheosamh Mac Grianna, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann agus sárscríbhneoir Gaeilge chúige Uladh. Is brónach agus is tragóideach é scéal a bheatha. B’ionann na tréithe sin a chuir lena chumas mar scríbhneoir – meon fiosrach neamhspleách agus drogall géilleadh don chomhghnás – agus na tréithe sin a chinntigh go mairfeadh sé i gcónaí ar imeall na sochaí.

Chuir a bhean chéile agus a mhac lámh ina mbás féin agus chaith Mac Grianna féin beagáinín le cois tríocha bliain faoi chúram dochtúirí in ionad síciatrach in Otharlann Naomh Conall i Leitir Ceanainn. I Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil faightear an-léargas ar a shaol, ó laethanta a óige i Rann na Feirste go dtí na blianta deireanacha i Leitir Ceanainn, chomh maith le sleachta as nuachtáin, sleachta ó dhialanna Mhic Grianna agus léirmheasanna ar a shaothair – ábhar a chuirfidh ar chumas an léitheora aithne éigin a chur ar dhuine de mhórlaochra litríochta na hÉireann, ríéigeas na nGael.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir