Tá aithne ag an saol fódlach, agus pobal na Gaeilge go háirithe, ar Dhiarmuid Breathnach as a chuid scríbhneoireachta, an bhaint a bhí aige le Cumann Merriman, a chuid craoltóireachta le RTÉ agus, thar aon ní eile, i ngeall ar a chuid oibre leis na naoi n-imleabhar den saothar Beathaisnéis, breis agus 1,700 cuntas ar bheathaí mhórphearsanra na Gaeilge ón mbliain 1560 anuas, a thabhairt ar an saol.
Ach an babhta seo tugann Diarnuid aghaidh ar a bheatha féin. Nochtar scéal a ghiniúna, a óige agus é ag fás aníos i gContae Chill Mhantáin, a chuid scolaíochta i mBré agus i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, é faoiscáth an bhochtnais, go háirithe ón uair a cailleadh a athair agus an tionchar diúltach a bhí aige sin a bhí ar a mheon féin ar feadh i bhfad.
Déantar cur síos dúinn ar an gceird a ghlac sé chuige féin: an leabharlannaíocht. Cuid tábhachtach dá shaol ón tús ab ea an Ghaeilge agus tugtar léargas ríspéisiúil don léitheoir ar shaol na Gaeilge sa Pháil ó na 1940idí ar aghaidh.
Agus na ceithre scór sroichte anois aige is dual don bheathaisnéisí a scéal féin a insint.