Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
Duanta Aneas
Duanta Aneas
ISBN: 1-905560-02-8
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

File ionadaíoch de chuid ré na hAthbheochana is ea Pádraig Ó Miléadha agus is léargas gléineach ar fhilíocht na tréimhse atá in Duanta Aneas, a foilsíodh i gcéaduair i 1934.

Fear Gaeltachta a bhí san fhile agus é ar maos sa traidisiún liteartha a fuair sé óna oidhreacht Dhéiseach. Fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tugann sé tuairisc uaidh ar a mhuintir féin ina shaothar. Nochtann sé a gcuid imeachtaí saoil agus ina theannta sin a ndearcadh i leith an tsaoil ag tráth cinniúnach i stair na tíre agus i stair na teanga, agus maireann amhráin mar ‘Sliabh Geal gCua na Féile’ agus ‘Na Tincéirí’ beo i gcónaí ar bhéal a mhuintire.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir