Fógra | Notice
Fógra |


I gcás táirgí nach gcuireann Gaelchultúr i gcló tá baol ann nach seachadfar iad go dtí an 17 Eanáir mar gheall ar stocáireamh bliantúil ár gcuid soláthraithe. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


For products not published by Gaelchultúr dispatch may be delayed until 17 January while our suppliers conduct their annual stocktake.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€12.00
Líon:
An Bhean Feasa
An Bhean Feasa
ISBN: 9781784441050
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Daoradh bean Éireannach chun báis ar chúis asarlaíochta agus crochadh i mBostún Shasana Nua í ar an 16ú Samhain 1688. Tagann sí anuas chugainn sa stair faoin ainm ‘Goody Glover’, bíodh gurbh ainm sclábhaíochta é sin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh. Is é atá san úrscéal seo ná samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir