Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Sárú
Sárú
ISBN: 9781784441746
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Cluiche crua é slánú an domhain …

Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15 bliain. Tá SÁRÚ an-oiriúnach mar ábhar léitheoireachta sa seomra ranga agus tá gluais ag deireadh an scéil.

Is é SÁRÚ an tríú húrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Bhí na príomhcharachtair chéanna in Vortex (Cois Life, 2006) agus in Hóng (Cló Iar-Chonnacht 2012), a bhuaigh Gradam Speisialta na Moltóirí ó Leabhar Pháistí Éireann in 2013.

Tá imeachtaí físchluiche fite le mistéir agus contúirtí i SÁRÚ mar a bhí sna scéalta eile. Is cluiche nua é SÁRÚ atá á imirt ag Evan agus a chara Rio. An éireoidh leo an domhan a thabhairt slán sa chluiche, nó an gcuirfidh Crúb agus na bulaithe eile stop leo? An gcabhróidh Cara leo – an cailín nach ndéanann gáire? Maidir le Síofra, deirfiúr Evan, an imní is mó atá uirthise ná na bagairtí ón athrú aeráide sa domhan mór, agus tagann casadh mór sa scéal nuair a bhuailtear Baile an Chuain ag stoirm thubaisteach.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir