€20.00
Líon:
Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923
Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923
ISBN: 9781784441197
Bliain foilsithe: 2015
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tréimhse chorraitheach shuaite ba ea na deich mbliana idir 1913 agus 1923 do mhuintir na Gaillimhe, idir chathair agus chontae. Tháinig athrú ó bhonn ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an réigiúin agus cuireadh todhchaí an iarthair ar mhalairt treo. Tháinig meath ar an bPáirtí Rialtas Dúchais, an príomhpháirtí náisiúnach sa tír agus forás dá réir ar Shinn Féin - agus ar an IRA. Lean Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Sa leabhar seo, cíortar an chaoi a ndeachaigh na mórathruithe seo i bhfeidhm ar Ghaillimh: an glacadh a bhí leo, an dream a thacaigh leo agus iad siúd a chuir ina n-aghaidh. Tugtar cuntas ar na léirsithe agus an scliúchas a bhain leis an bhfeachtas frithearcaíochta le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Scrúdaítear Éirí Amach na Cásca i nGaillimh agus ról Liam Uí Mhaoilíosa ann. Déantar cur síos cuimsitheach ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha, agus cuirtear príomheachtraí agus príomhcharachtair na coimhlinte ar gach aon taobh inár láthair. Tá an t-údar tar éis tarraingt ar réimse leathan foinsí, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, i leabharlanna agus in aircíví abhus agus thar lear agus tá comaoin faoi leith curtha aige orainn as an ngné rí-thábhachtach seo de scéal na hÉireann a chur os ár gcomhair.