€7.50
Líon:
Camchuairt Ghuilivéir
Camchuairt Ghuilivéir
ISBN: 978 1 911363 05 7
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Sa leabhar pictiúr gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Tar éis briseadh loinge, caitear Guilivéar i dtír ar oileán lán le firíní beaga. Dona go leor, ach nuair a théann na firíní beaga i gcleachta ar mhéid ollmhór Ghuilivéir, iarrann siad air cabhrú leo ina gcogadh in aghaidh a gcuid naimhde.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaíocht an pháiste.

Sraith sé leabhar pictiúr lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir