Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Greim na Vaimpíre
Greim na Vaimpíre
ISBN: 978-1-907494-67-3
Bliain foilsithe: 2017
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di. Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil an ceart aige a bheith buartha! Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é. Tugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo. Téann siad sáite i gcogadh agus cuirtear fíricí loma os comhair Ailfí ar gá dó déileáil leo. Seo é an ceathrú leabhar sa tsraith rathúil ag Cois Life, tar éis Ailfí agus an Vaimpír (2012), Vaimpír san Áiléar (2013) agus I Measc Vaimpírí (2015). Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir