Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Cailitín
Cailitín
ISBN: 1-905560-05-2
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Sa leabhar seo, an dara himleabhar sa tsraith, tá Rósmáire ag fanacht go foighneach ar na Tuatha Dé Danann teacht agus draíocht a mhúineadh di, mar a gheall siad – ach níl dé orthu! Níl tuairim faoin spéir aici go bhfuil na sióga bochta faoi ionsaí ag a gcuid naimhde, na Fomhóraigh, agus iad i gcontúirt mhór. Mar aon leis seo, tá biseach faighte ag a máthair agus í tar éis filleadh ar an obair, rud a chiallaíonn go bhfuil Bean Uí Chaincín ghránna, lofa ar ais sa teach. Agus tá na gnáthfhadhbanna fós á ciapadh: an Pleota sa bhaile agus Bean Uí Bhatamór ar scoil. Ach tá cara nua ag an bPleota, atá ag cur an-suim i Rósmáire...

Is é an t-úrscéal greannmhar, draíochtúil seo an dara húrscéal i Sraith Chailitín agus tá sé feiliúnach le haghaidh páistí idir ocht mbliana agus 13 bliana d’aois. Is é Ó Lúibíní Lú! an chéad leabhar sa tsraith.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir