Is é Micilín Beag an banbh is lú ar Fheirm Thóin le Gaoth. Nuair a rugadh Micilín b’éigean d’Aongus aire a thabhairt dó agus d’éirigh sé an-cheanúil air. Ach tráthnóna amháin éalaíonn na bainbh eile. Téann Aongus ar a dtóir agus aimsíonn sé gach ceann acu ach amháin Micilín. Cuardaíonn sé an t-úllord, cró na gcearc... ach níl Micilín le fáil. Cá bhfuil sé in aon chor?